Stad 10 Siúlann an t-oilithreach soir ó dheas go dtí an bealach mór, áit a dtíontaíonn sé ar chlé agus imíonn leis go ceann 400 méadar. Tá carnán beag le feiceáil aige ina sheasamh ar thaobh an bhealaigh sula dtagann sé fhad leis an bhóithrín i mbaile fearainn Dhroim Rua. ‘Baile na nDeamhan’ a thugtar ar an bhaile fearainn seo fosta de bhrí go bhfuil iomrá air mar an áit a ndeachaigh le Colm Cille na deamhna a dhíbirt isteach san fharraige thiar nuair a chaith sé a chloigin leo. Tá lagan san áit seo ar a dtugtar Lag an Chloig.
Station 10 The pilgrim walks to the main road, walking left 400 metres, a small cairn lies, on the left, at the side of the road at the lane in the townland of Droim Rua. This townland was also known as Baile na nDeamhan and is reputed to be the place where Colm Cille finally drove the demons into the ocean by throwing his bell after them.